Domhantarraingt á Sárú

Táimid ag Bleaist Eolaíochta ESB fiosrach faoi conas a oibríonn an domhan. Bí linn i ngach clár de Bleaist Eolaíochta ESB TV fad a fhiosraíonn ár láithreoirí, Clara Murray agus John Sharpson, agus ár saineolaí eolaíochta Mark Langtry, an eolaíocht a bhaineann leis na ceisteanna a chuir scoileanna orainn roimhe seo

Teastaíonn uainn go spreagann an eolaíocht do rang agus go dtugann siad faoi deara go bhfuil an eolaíocht i ngach áit!

Foghlaimímid sa chlár seo prionsabail na heitilte. Tugaimid cuairt ar an Ionad Eitilte Náisiúnta agus ar Aerfort Bhaile Átha Cliath, áit a labhraímid le beirt phíolótaí chun bunphrionsabail na heitilte a fhoghlaim. Taispeánann John a chuid ‘scileanna’ eitilte dúinn agus taispeántar deasc eitilte in eitleán Airbus dúinn. Labhraímid freisin lenár nAoi-Innealtóir Rollchóstóra, Korey Kiepert, dearthóir Rollchóstóir Chú Chulainn ag Páirc Tayto, faoi conas a dhéantar rollchóstóirí agus an fáth nach dtiteann tú as rollchóstóir nuair a bhíonn tú bun os cionn.

Taispeánann Mark roinnt turgnaimh iontacha bheaga dúinn, a thaispeánann na prionsabail a bhaineann le fórsa láraimsitheach agus le domhantarraingt agus is féidir leat a dhéanamh gan stró le do rang féin. Ina thurgnamh deireanach cuirfidh sé go mór le gach rud a d’fhoghlaimíomar faoi dhomhantarraingt, frithchuimilt, agus fórsa láraimsitheach, agus beidh John an-neirbhíseach dá bharr!

Pléitear ábhair churaclaim cosúil le fórsa, domhantarraingt agus frithchuimilt sa chlár seo.

Snáithe curaclaim: Fuinneamh agus Fórsaí: Aonaid Snáithe: Fórsaí

Cuirtear eolas breise níos mionsonraithe ar fáil duit inár n-acmhainní thíos (PDF) faoi na prionsabail seo agus is féidir leat é a phlé le do rang, agus cuirtear leideanna ar fáil faoi conas na turgnaimh a dhéanamh agus leideanna faoi conas do rang a spreagadh a gceisteanna féin a chur dá bhfiosrú féin Bleaist Eolaíochta ESB. Is fiú go mór féachaint ar an gclár seo!

Eolas Breise

*If you cannot view the ESB Science Blast TV videos online please download the video files here