Táimid ag Bleaist Eolaíochta ESB fiosrach faoi conas a oibríonn an domhan. Bí linn i ngach clár de Bleaist Eolíochta ESB TV fad a fhiosraíonn ár láithreoirí, Clara Murray agus John Sharpson, agus ár saineolaí eolaíochta Mark Langtry, an eolaíocht a bhaineann leis na ceisteanna a chuir scoileanna orainn roimhe seo.
Teastaíonn uainn go spreagann an eolaíocht do rang agus go dtugann siad faoi deara go bhfuil an eolaíocht i ngach áit!
Tugaimid cuairt sa chlár seo ar Bhord Soláthair an Leictreachais agus ar an bhFeirm Ghaoithe sa Ráithín Liath, Contae Chill Mhantáin lena fhoghlaim conas is féidir an ghaoth a úsáid chun leictreachas a ghiniúint. Foghlaimíonn Clara conas a oibríonn Tuirbíní Gaoithe agus conas a d’imir ulchabháin tionchar ar conas a dearadh iad! Is é ár nAoi Speisialta sa chlár seo Lucy Robinson, Bitheolaí Muirí, a insíonn dúinn faoi snámh le liamháin ghréine amach ó chósta Chiarraí, chomh maith le rudaí eile.
Taispeánann Mark Táimhe dúinn, an fórsa sin a choimeádann an chruinne le chéile. Sa turgnamh deireanach ollmhór spraíúil ach baolach, taispeánann Mark dúinn conas a oibríonn Táimhe, trí úsáid a bhaint as luas John, éadach boird agus na plátaí is fearr atá aige!
Pléitear ábhair churaclaim cosúil le Gluaisne, Fuinneamh agus Fórsaí agus Beatha Mhuirí sa chlár seo.
Snáithe curaclaim: Fuinneamh agus Fórsaí Aonaid Snáithe: Leictreachas, Fórsaí
Snáithe curaclaim: Rudaí Beo Aonad Snáithe: Beatha Phlandúil agus Ainmhíoch
Cuirtear eolas breise níos mionsonraithe ar fáil duit inár n-acmhainní thíos (PDF) faoi na prionsabail seo agus is féidir leat é a phlé le do rang, agus cuirtear leideanna ar fáil faoi conas na turgnaimh a dhéanamh agus leideanna faoi conas do rang a spreagadh a gceisteanna féin a chur dá bhfiosrú féin Bleaist Eolaíochta ESB. Is fiú go mór féachaint ar an gclár seo!
*If you cannot view the ESB Science Blast TV videos online please download the video files here