Táimid ag Bleaist Eolaíochta ESB fiosrach faoi conas a oibríonn an domhan. Bí linn i ngach clár de Bleaist Eolaíochta ESB TV fad a fhiosraíonn ár láithreoirí, Clara Murray agus John Sharpson, agus ár saineolaí eolaíochta Mark Langtry, an eolaíocht a bhaineann leis na ceisteanna a chuir scoileanna orainn roimhe seo.
Teastaíonn uainn go spreagann an eolaíocht do rang agus go dtugann siad faoi deara go bhfuil an eolaíocht i ngach áit!
Tugaimid cuairt ar Shaoráid Bhainistíochta Dramhaíola Panda féachaint cad a dhéantar lenár ndramhaíl ghlas agus conas a dhéantar na rudaí inár nAraidí Glasa a scaradh agus a athchúrsáil. Nuair a thugann John cuairt ar Green Generation agus Hexafly, foghlaimíonn sé go gcruthaíonn an bealach a úsáidimid ár n-araidí dramhbhia Bithghás agus casann sé le roinnt cruimh an-spéisiúil a bhfuil ról tábhachtach le glacadh acu i dtodhchaí an dramhbhia. Is é ár nAoi Speisialta sa chlár seo Mark Robinson, duine gairmiúil a théann sa tóir ar Stoirmeacha, a insíonn dúinn cé chomh sábháilte a bhíonn tú i do ghluaisteán i rith stoirm thintrí, chomh maith le rudaí eile.
Taispeánann Mark dúinn conas a athraíonn fuinneamh ó fhoirm amháin go foirm eile. Tógann sé crann tabhaill lena thaispeáint conas a athraíonn fuinneamh poitéinsiúil chuig fuinneamh cinéiteach, agus tá seo an-oiriúnach le déanamh le do rang. Sa turgnamh spraíúil deireanach ollmhór, taispeánann John agus Clara athruithe a thagann ar fhuinneamh le linn Rith Buinsí Dramhaíola a chuireann deireadh an-ghreannmhar leis an gclár seo.
Pléitear ábhair churaclaim cosúil leis an gComhshaol agus Fuinneamh sa chlár seo.
Snáithe curaclaim: Feasacht agus Cúram Comhshaoil Aonaid Snáithe: Feasacht Chomhshaoil, Eolaíocht agus an Comhshaol
Snáithe curaclaim: Fuinneamh agus Fórsaí Aonad Snáithe: Leictreachas
Cuirtear eolas breise níos mionsonraithe ar fáil duit inár n-acmhainní thíos (PDF) faoi na prionsabail seo agus is féidir leat é a phlé le do rang, agus cuirtear leideanna ar fáil faoi conas na turgnaimh a dhéanamh agus leideanna faoi conas do rang a spreagadh a gceisteanna féin a chur dá bhfiosrú féin Bleaist Eolaíochta ESB. Is fiú go mór féachaint ar an gclár seo!
*If you cannot view the ESB Science Blast TV videos online please download the video files here